jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dkxstga Contact: irishlingos@gmail.com Israelis continue the bombing in Lebanon. Iosraelaigh ag leanúint leis an mbuamáil sa Liobáin. Israeli military forces are continuing their aerial bombardment of various parts of Lebanon while Israeli ground battalions are advancing in southern Lebanon. Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint leis an mbuamáil atá siad a dhéanamh ón aer ar áiteanna éagsúla ar fud na Liobáine fad is atá cathláin talún na nIosraelach ag ionsaí chun cinn i ndeisceart na Liobáine. The Israeli Army indicated that more infantry and armored vehicles entered Lebanon yesterday to join the ground forces that have been there since yesterday. Thug Arm Iosrael le fios go ndeachaigh tuilleadh saighdiúirí coise agus feithiclí armúrtha isteach sa Liobáin inné le dul i bpáirt leis na fórsaí talún atá ann ó arú inné. The Israelis said their ground invasion of that part of the country was to destroy Hezbollah's military infrastructure in southern Lebanon and claimed they had no intention of sending foot soldiers as far as the capital, Beirut, or any other region of the country. . Dúirt na hIosraelaigh gur le dúil bonneagar míleata Hezbollah i ndeisceart na Liobáine a scriosadh a rinne siad ionradh talún ar an gcuid sin den tír agus mhaígh nach raibh rún acu saighdiúirí coise a chur chomh fada leis an bpríomhchathair, Béiriút, ná aon réigiún eile sa tír. Little information has been given so far about the number of people killed by Israeli ground forces in southern Lebanon since they entered it but, since the withdrawal of the Lebanese Army, Hezbollah has claimed that they themselves are standing the ground and to fight the invaders. Níor tugadh mórán eolais go dtí seo faoin líon daoine atá maraithe ag fórsaí talún Iosrael i ndeisceart na Liobáine ó chuaigh siad isteach ann ach, ó tharraing Arm na Liobáine siar, tá sé á mhaíomh ag Hezbollah go bhfuil siad féin ag seasamh an fhóid agus ag dul i dtreis leis na hionróirí. The Israeli Army revealed yesterday that eight Israeli soldiers were killed in the fighting. Thug Arm Iosrael le fios inné gur maraíodh ochtar saighdiúirí Iosraelacha sa chomhrac. The Israelis claimed today that they killed fifteen members of Hezbollah when they bombed from the air a center or centers in the town of Bint Jbeil in southern Lebanon. Mhaígh na hIosraelaigh inniu gur mharaigh siad cúig chomhalta dhéag de Hezbollah nuair a bhuamáil siad ón aer ionad nó ionaid i mbaile Bint Jbeil i bhfíordheisceart na Liobáine. As the Israelis are doing elsewhere in Lebanon, it is reported that six people were killed and seven wounded when they bombed a medical center in Beirut early this morning. Mar leis an ár atá na hIosraelaigh a dhéanamh in áiteanna eile sa Liobáin, tuairiscítear gur maraíodh seisear agus gur leonadh seachtar nuair a bhuamáil siad ionad leighis i mBéiriút go moch ar maidin inniu. According to the Israelis, the missile they fired was aimed at a specific target. Dar leis na hIosraelaigh go raibh an diúracán a scaoil siad leis an áit dírithe ar sprioc ar leith. The Israeli air force also bombed more residential areas in a suburb south of Beirut. Bhuamáil aerfhórsa Iosrael freisin tuilleadh ceantar cónaithe i mbruachbhaile ar an taobh ó dheas de Bhéiriút. RTÉ News and Current Affairs Track the bombings carried out by the Israeli air force on Beirut during the night, 3 October 2024 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lorg na buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar Bhéiriút i gcaitheamh na hoíche, 3 Deireadh Fómhair 2024