• Learn Irish with daily podcasts

  • By: V H
  • Podcast
  • 5.0 out of 5 stars (1 rating)

Learn Irish with daily podcasts

By: V H
  • Summary

  • Short sentences with English translations
    Show More Show Less
activate_Holiday_promo_in_buybox_DT_T2
Episodes
  • 20241018_IRISH_ceannaire_hamas_yahya_sinwar_maraithe_ag_na_hiosraelaigh
    Oct 18 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25gcy675 Contact: irishlingos@gmail.com Hamas leader Yahya Sinwar killed by the Israelis. Ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe ag na hIosraelaigh. Tá ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza. Deir Rialtas Iosrael go raibh Yahya Sinwar ar dhuine de thriúr a maraíodh nuair a rinne saighdiúirí Iosraelacha ionsaí ar fhoirgneamh i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza. Deirtear gurb é Yahya Sinwar thar aon duine eile in Hamas a bheartaigh an mórionsaí a dhéanamh ar dheisceart Iosrael anuraidh inar maraíodh thart ar 1,200 duine. Ceapadh é ina cheannaire ar Hamas i mí Lúnasa seo a chuaigh thart tar éis do na hIosraelaigh an ceannaire a bhí ann roimhe sin, Ismail Haniyeh, a fheallmharú san Iaráin. Tuairiscitear freisin gur maraíodh 22 duine agus gur gortaíodh na dosaein nuair a rinne aerfhórsa Iosrael ionsaí buamála ar scoil in Jabalia i dtuaisceart Gaza. Maíonn na hIosraelaigh gur bunáit chruinnithe de chuid Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne a bhí sa scoil. Léiríonn íomhánna ón láthair go ndeachaigh an áit trí thine mar gheall ar an mbuamáil. Tá Jabalia á ionsaí gan taise ag na hIosraelaigh go rialta le bliain agus tuairiscítear nach bhfuil dóthain uisce ann leis an tine a mhúchadh. Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil na mílte Palaistíneach sáinnithe in Jabalia, a bhformhór acu gan riar a gcáis. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Yahya Sinwar i gCathair Gaza in 2022
    Show More Show Less
    7 mins
  • 20241014_IRISH_22_duine_maraithe,_117_leonta_ag_forsai_iosrael_i_mbeiriut
    Oct 14 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2yg5as5j Contact: irishlingos@gmail.com 22 duine maraithe, 117 leonta ag fórsaí Iosrael i mBéiriút. Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den ár atá siad a dhéanamh sa Liobáin le trí seachtaine. Maraíodh 22 duine agus leonadh 117 nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael comharsanacht Shiach i lár na príomhchathrach, Béiriút, tráthnóna inné. Buamáil thréan a bhí ann ar cheantar dlúthchónaithe lán d'árasáin agus de shiopaí beaga. Bhí ochtar ó theaghlach amháin lena n-áirítear triúr leanaí i measc na marbh. Tuairiscítear nach raibh an teaghlach ach tar éis teitheadh roimh bhuamáil na nIosraelach i ndeisceart na Liobáine. Tá lucht tarrthála fós ag cíorláil sa smionagar le súil go dtiocfaidh siad ar dhaoine atá fós ina mbeatha ach tuairiscítear go bhfuil an áit plúchta ag dúthoit tiubh ó stáisiún peitril a bhuamáil na hIosraelaigh. Is cosúil go raibh súil ag na hIosraelaigh ball sinsearach de Hezbollah a mharú san ionsaí ach deirtear gur tháinig sé slán. Tuairiscítear freisin gur scaoil fórsaí Iosrael le hionad de chuid na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine den dara lá as a chéile agus gur gortaíodh beirt mar gheall ar an ionsaí. Deirtear chomh maith go ndeachaigh saighdiúirí Iosraelacha isteach in ionad eile leis na Náisiúin Aontaithe sa cheantar. Mar le Gaza, maítear i dtuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe go bhfuil córas sláinte na hiamhchríche Palaistíní á scríosadh in aon turas ag na hIosraelaigh. Tugtar le fios sa tuarascáil freisin go bhfuil coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta á ndéanamh ag na hIosraelaigh in Gaza. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ceantar cónaithe i lár Bhéiriút scriosta ag fórsaí Iosrael
    Show More Show Less
    8 mins
  • 20241011_IRISH_speirling_milton_lagaithe_ach_damaiste_mor_deanta_aici
    Oct 11 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2alvxn5q Contact: irishlingos@gmail.com Milton's mirror is weakened but she has taken a lot of damage. Spéirling Milton lagaithe ach damáiste mór déanta aici. Florida is still being plagued by the Milton's Starling which has already caused extensive damage across that state. Tá Florida fós á thuargaint ag Spéirling Milton a bhfuil damáiste mór déanta aici ar fud an stáit sin cheana féin. It is reported that the skyscraper created nineteen tornadoes and destroyed 125 homes in its path, mostly mobile homes. Tuairiscítear gur chruthaigh an spéirling naoi dtornádó dhéag agus gur scriosadh 125 áras cónaithe a bhí ina bealach, teachíní soghluaiste den chuid is mó. At least two people are also said to have been killed when one of the drones hit a retirement home on Florida's east coast. Deirtear freisin gur maraíodh beirt ar a laghad nuair a bhuail ceann de na camanfaí lonnaíocht do sheanóirí ar chósta thoir Florida. It is certain that more people would have been killed if millions had not been ordered to evacuate and if homes had not been forced by the storm. Is cinnte go marófaí tuilleadh daoine murach gur ordaíodh do na milliúin aslonnú agus murach haistí a bheith sparrtha le hucht na stoirme. The destruction has left 3.2 million people without power. Tá 3.2 milliún duine fágtha gan aon chumacht aibhléise mar gheall ar an scrios. The skyrocket first landed on the west coast with a speed of 195 kilometers per hour. Is ar an gcósta thiar a tháinig an spéirling i dtír i dtosach agus luas 195 ciliméadar san uair fúithi. She has since weakened and is currently traveling at 150 kilometers per hour. Tá sí lagaithe ó shin agus is 150 ciliméadar san uair atá fúithi i láthair na huaire. At least 235 people were killed when Hurricane Helene struck the Florida region two weeks ago. Maraíodh 235 duine ar a laghad nuair a bhuail Spéirling Helene réigiún Florida coicís ó shin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    7 mins

What listeners say about Learn Irish with daily podcasts

Average customer ratings
Overall
  • 5 out of 5 stars
  • 5 Stars
    1
  • 4 Stars
    0
  • 3 Stars
    0
  • 2 Stars
    0
  • 1 Stars
    0
Performance
  • 5 out of 5 stars
  • 5 Stars
    1
  • 4 Stars
    0
  • 3 Stars
    0
  • 2 Stars
    0
  • 1 Stars
    0
Story
  • 5 out of 5 stars
  • 5 Stars
    1
  • 4 Stars
    0
  • 3 Stars
    0
  • 2 Stars
    0
  • 1 Stars
    0

Reviews - Please select the tabs below to change the source of reviews.

Sort by:
Filter by:
  • Overall
    5 out of 5 stars
  • Performance
    5 out of 5 stars
  • Story
    5 out of 5 stars

Text included

Both English and Irish text included. Slow speed with English, slow speed without English, normal speed.

Something went wrong. Please try again in a few minutes.

You voted on this review!

You reported this review!